Colorful rectangular blocks scattered and falling against a black background.

Leabharlanna gan Cheangal 2025–2029

Fís cúig bliana le haghaidh Leabharlanna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath — seirbhísí leabharlainne fáilteacha, inrochtana agus nuálacha a mhúnlú le haghaidh na 592,713 duine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath.

Leabharlann Library logo with stylized book icon

Leagtar amach i Libraries Unbound an treo straitéiseach atá ag seirbhís leabharlainne poiblí Bhaile Átha Cliath ó 2025 go 2029.

A young woman with long blonde hair sits in a modern green chair working on a laptop in a bright, airy space with large windows and a potted plant behind her. In the background, a young man with dark hair sits alone on a chair, facing away from the camera.

Agus é múnlaithe ag comhairliúchán poiblí fairsing a raibh breis is 280 duine rannpháirteach ann, tá an plean fréamhaithe i dtiomantas do chearta an duine, don chomhionannas agus don neamh-idirdhealú — ag aistriú aiseolais ón bpobal ina ghníomhartha uaillmhianacha, indéanta ar son shaoránaigh Bhaile Átha Cliath.

D’ullmhaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an plean lena ghlacadh i gcomhréir leis an Acht Rialtais Áitiúil, 2001, agus tá sé ailínithe le beartas náisiúnta, lena n-áirítear Clár an Rialtais, 2025 agus Is í an Learbharlann an Áit, 2023–2027, chomh maith le Pleananna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath um Fhorbairt agus um Ghníomhú ar son na hAeráide mar aon lena Pleananna Corparáideacha.

Ag cur leis na héachtaí a baineadh amach sa phlean roimhe seo — Leabharlann nua Fhionnghlaise, athchóiriú Leabharlann na Cúlóige, agus seoladh rathúil My Open Library ag Leabharlann Pembroke agus i Ráth Éanaigh san áireamh — féachtar chun cinn leis an plean seo i dtreo Leabharlann Chathrach chlaochlaitheach i gCearnóg Parnell agus brainsí nua i nDroimneach agus i mBéal Maighne/Cluain Ghrífín.


Ár bplean forbartha roimhe seo, i bhfigiúirí:

10.4M

míreanna fisiciúla agus r-acmhainní eisithe

9.6M

Thug daoine cuairt ar ár leabharlanna

435K

D'fhreastail daoine d'achan aois ar imeachtaí ar fud ár leabharlanna

28K

Reáchtáladh imeachtaí inár leabharlanna


"Tá ról tábhachtach ag leabharlanna i gcomhfhorbairt áite do phobail áitiúla. Cruthaíonn leabharlann phoiblí mórtas ceantair, mothú ionannais trí spás sábháilte, sibhialta daonlathach a chur ar fáil ina bhfuil fáilte roimh chách."

A woman sitting on a park bench smiling in front of a modern library building with wood and brick exterior.

Mairead Owens,
Leabharlannaí Cathrach Bhaile Átha Cliath


Achoimre Fheidhmeach

Two boys in school uniforms sitting inside a blue and white enclosure, reading travel books about Mexico and Japan, with a bookshelf of language learning books about French, German, and Italian in the background.

Leagann an plean seo amach fís agus treo maidir le forbairt Leabharlanna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath thar thréimhse chúig bliana idir 2025 agus 2029.

Ullmhaíodh é i gcomhréir leis an Acht Rialtais Áitiúil 2001 (Alt 78), lena ghlacadh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus leagtar amach ann deich dtosaíocht gharbh agus na gníomhaíochtaí a áiritheoidh go gcuirfear iad i bhfeidhm.

Ullmhaíodh an plean seo tar éis athbhreithnithe ar a bhfuil bainte amach faoin bplean roimhe seo, ‘Leabharlanna gan Teorainn: Treoir Straitéiseach do Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath 2019-2023’, agus tar éis próiseas comhairliúcháin cuimsitheach leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara atá leagtha amach le tuilleadh mionsonraí sa doiciméad seo. Rinneadh measúnacht tionchair ar chomhionannas agus ar chearta an duine i ndréacht deiridh an phlean de réir Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine.

Léiríonn na tosaíochtaí a leagtar amach sa phlean seo an t-aiseolas a fuarthas le linn an chomhairliúcháin, agus tá siad fréamhaithe inár dtiomantas do chearta an duine, comhionannais agus neamh-idirdhealú. Rinneadh gníomhartha uaillmhianacha, ach indéanta, de na tosaíochtaí seo lena soláthrófar seirbhísí nua, nuálacha agus feabhsaithe do shaoránaigh Bhaile Átha Cliath.

Tá leabhair i ngach formáid i gcroílár ár seirbhíse.

Plean Forbartha

Deich dtosaíocht don chéad chúig bliana eile


Two young girls sitting closely together in a library, reading a book about Batman.

1

Spásanna in áiteanna

Infheistiú i bhfoirgnimh nua, athchóirithe agus uaireanta oscailte níos fearr — Leabharlann Cathrach shuntasach i gCearnóg Parnell, brainsí nua i nDroimneach agus i mBéal Maighne/Cluan Ghrífín, agus leathnú My Open Library chuig níos mó suíomhanna.

A group of people attending a presentation or workshop in a conference room, with a woman speaking at the front. A large screen displays information about a storytelling session at Dublin City Council.

2

Den tSeilf nó ar an Scáileán

Wi-Fi ardluais saor in aisce, gléasanna nua-aimseartha, spásanna déantóra agus oiliúint scileanna digiteacha a sholáthar — rochtain ar theicneolaíocht a dhaonlathú agus aghaidh a thabhairt ar eisiamh digiteach ar fud na cathrach.

Three people sitting at a table in an art gallery, engaged in a discussion or learning session, with colorful abstract paintings in the background.

3

Imeachtaí Leabharlainne do Chách

Clár dinimiciúil bliantúil a chur ar fáil a chlúdaíonn cruthaitheacht, sláinte, cultúr, eolaíocht, an Ghaeilge agus gníomhú ar son na haeráide — clár a léiríonn ábhair spéise éagsúla phobail Bhaile Átha Cliath.

Three students sitting on a park bench reading a book with the title 'Gone' and a flyer promoting citywide teen reading event, surrounded by green bushes.

4

An Leabharlann
a Thabhairt Duit

Seirbhísí teagmhála lasmuigh de bhallaí na leabharlainne a leathnú isteach i bpobail, i scoileanna, i bhféilte agus i gcóiríocht dhídeanach — tosaíocht a chinntíonn rochtain dóibh siúd a bhfuil bacainní rompu, veain seirbhísí teagmhála leictreach nua san áireamh.


A young child playing with a colorful wooden toy in a room, with an adult woman sitting behind them.

5

Leanaí & daoine óga

Cinntiú go mbíonn deis ag gach páiste — ó naíonáin go déagóirí, i ngach pobal — nasc ar feadh a shaoil a fhorbairt lena leabharlann áitiúil trí scéalaíocht, dúshláin léitheoireachta agus rannpháirtíocht scoile.

A person with shoulder-length curly hair wearing a red hoodie and jeans using a laptop at a public locker station with multiple lockers and digital screens.

6

Teicneolaíocht níos fearr, rochtain níos fearr

Wi-Fi ardluais saor in aisce, gléasanna nua-aimseartha, spásanna déantóra agus oiliúint scileanna digiteacha a sholáthar — rochtain ar theicneolaíocht a dhaonlathú agus aghaidh a thabhairt ar eisiamh digiteach ar fud na cathrach.

A person holding an open vintage book titled Ulysses by James Joyce, with the left page showing publication details and the right page displaying the title and author.

7

Oidhreacht a chaomhnú; ag féachaint chun cinn amach anseo

Cartlann na Cathrach agus Bailiúcháin Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann a chosaint agus iad a dhéanamh níos inrochtana trí dhigitiú, clár na Staraithe Cónaithe agus Féile Staire Bhaile Átha Cliath.

An elderly woman is looking at books on a tall bookshelf in a library, reaching for a book on the upper shelf near a window.

8

Cathair an Lucht Litríochta

Ainmniúchán Bhaile Átha Cliath mar Chathair Litríochta UNESCO a cheiliúradh trí Ghradam Liteartha Bhaile Átha Cliath, One Dublin One Book agus comhpháirtíochtaí a chuireann saol liteartha comhaimseartha agus oidhreachta saibhir na cathrach chun cinn.


A person browsing books in a library or bookstore, standing near shelves filled with colorful books, while looking at a brochure or pamphlet. The background features posters and a decor with multicolored triangular pennant banners.

9

Ár Scéal a Insint

Cumarsáid a neartú trí na meáin shóisialta, nuachtlitreacha, aip féilire imeachtaí nua agus seirbhís 'Fiafraigh de Leabharlannaí' — leis sin, coinnítear úsáideoirí leabharlainne i dteagmháil linn agus tagaimid orthu siúd nár aimsigh an méid a chuireann leabharlanna ar fáil go fóill.

Two people, a woman and a man, loading books into a cart in a library. The woman has shoulder-length dark hair and is wearing a white blouse with a black vest, smiling while holding a book. The man has short hair, glasses, and is wearing a light blue polo shirt, also smiling. Behind them are shelves filled with books.

10

Cumhacht ár ndaoine (agus próisis)

Tacaíocht a thabhairt do bhaill foirne na leabharlainne trí phleanáil lucht saothair, fhorbairt ghairmiúil, dheiseanna chun oibriú i róil éagsúla, agus chultúr oibre atá tiomanta don chomhionannas, don éagsúlacht agus don Ghaeilge.


Tá an plean seo fréamhaithe i nDualgas Comhionannais agus Chearta an Duine na hEarnála Poiblí, a thugann aghaidh ar éagsúlacht i measc na ngrúpaí uile a shainaithníodh — inscne, míchumas, aois, cine, claonadh gnéis, ballraíocht den Lucht Siúil agus iad siúd atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch san áireamh. Léiríonn an plean tiomantas náisiúnta na hÉireann do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach freisin.

Comhthéacs

Indoor view of a bright library with large windows, bookshelves filled with books, and people reading or walking.

Tá Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath tiomanta go hiomlán don Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na cathrach, agus cinntítear go bhfuil ról lárnach aici i ngach gné den tseirbhís leabharlainne.

Braitheann cur i gcrích rathúil an phlean ar bhainistíocht airgeadais inbhuanaithe, thrédhearcach agus chuntasach. Forbrófar buiséad céimnithe go bliantúil i gcomhairle le Roinn Airgeadais Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus díreofar infheistíocht ar thionscadail chaipitil, ar theicneolaíocht, ar fhorbairt bhailiúcháin, ar phleanáil lucht saothair agus ar chláir phobail.

Airgeadas & Maoiniú

Aithníonn Leabharlanna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go bhfuil maoirseacht fhreagrach cistí poiblí bunriachtanach chun spriocanna straitéiseacha na seirbhíse a bhaint amach agus muinín an phobail a choinneáil.

Comhthéacs Maoinithe
Is iad na húdaráis áitiúla a mhaoiníonn leabharlanna poiblí in Éirinn go príomha, le tacaíocht bhreise ón rialtas láir tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Le blianta beaga anuas, soláthraíodh maoiniú freisin trí thionscnaimh amhail Ciste na gCuntas Díomhaoin agus an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeacha (URDF). Forbraítear an plean seo i gcomhthéacs brú leanúnaigh ar bhuiséid na hearnála poiblí, costais bhoilscitheacha agus éileamh méadaithe ar sheirbhísí digiteacha agus pobail. Is léir go bhfuil CCBÁC tiomanta do sheirbhís leabharlainne bhríomhar agus nuálach toisc go gcoinnítear buiséid mhaithe le haghaidh na seirbhíse leabharlainne agus toisc go bhfuil sí toilteanach nuálaíocht a mhaoiniú ag a bhfuil tionchar dearfach soiléir ar shaoránaigh na cathrach.

  • Le linn thréimhse chúig bliana an phlean seo (2025–2029), beidh gá le caiteachas sna réimsí seo a leanas:

    Tionscadail chaipitiúla, lena n-áirítear seachadadh Leabharlainne Cathrach nua, athchóirithe brainse, feabhsuithe ar mhaithe le hinrochtaineacht agus athchóirithe atá tíosach ar fhuinneamh.

    Teicneolaíocht agus seirbhísí digiteacha, ríomhairí poiblí, Wi-Fi, ríomhleabhair, ardáin foghlama ar líne, cibearshlándáil agus oiliúint san áireamh.

    Forbairt bhailiúcháin agus béim ar leibhéil litearthachta a chothabháil.

    Pleanáil Lucht Oibre, lena n-áirítear forbairt ghairmiúil agus pleanáil comharbais.

    Cláreagrú, cumarsáid agus obair fhor-rochtana, agus béim ar litearthacht, cuimsiú agus folláine an phobail.

    Forbrófar buiséad céimnithe go bliantúil i gcomhairle le Roinn Airgeadais Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

  • Tá Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath tiomanta do luach ar airgead a chinntiú trí:

    Rannpháirtíocht i gcreataí
    soláthair náisiúnta.

    Infheistíocht i dteicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinneamh chun costais oibriúcháin a laghdú.

    Measúnú atá bunaithe ar shonraí ar thionchar na seirbhíse chun bonn eolais a chur faoi leithdháileadh acmhainní, lena n-áirítear úsáid sonraí comhionannais nuair is ann díobh.

    Déanfar monatóireacht rialta ar fheidhmíocht airgeadais agus ar úsáid maoinithe, agus struchtúir tuairiscithe ailínithe le ceanglais iniúchta agus maoirseachta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Group of children in blue uniforms standing in a library or library-themed room, holding up books.

Líonra Leabharlainne na Cathrach

Agus 21 pointe seirbhíse san iomlán, tá leabharlanna na cathrach scaipthe ar fud thaobh Thuaidh agus Theas Bhaile Átha Cliath. Is é príomhuaillmhian ár líonra leabharlainne, thar shaolré an phlean seo, Leabharlann Cathrach nua a sholáthar i gCearnóg Parnell, in ionad na leabharlainne láir atá ann cheana féin in Ionad ILAC. Leathnófar an líonra freisin trí leabharlanna nua a chur leis i nDroimneach agus i mBéal Maighne/Cluain Ghrífín agus trí athsholáthar brainsí atá ann cheana féin i dTír an Iúir agus in Marino. Leathnófar leabharlann na Rinne freisin.

Map of Dublin with various buildings labeled in Irish.